logo
Home
Artists
Lyrics
Popular
Search
Cuach mo lon dubh buí
Altan
Bhí mise´s mo bhean bheag lá gabháil a´ bóthar,
`S oró grá mo chroí,
Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí,
Cuach mo lon dubh buí.

D´fhiafair sí domhsa an `níon domh an óigbhean,
`S oró grá mo chroí,
A´s dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í,
Cuach mo lon dubh buí.

D´Tabharfaidh tú domhsa choíche go deo í?
`S oró grá mo chroí,
Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé´ n cóir leat,
Cuach mo lon dubh buí.

Gabh thusa `na mullaí `gus mise `na móinte,
`S oró grá mo chroí,
`S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige,
Cuach mo lon dubh buí.

Chuaigh seisean `na mullaí `gus mise móinte,
`S oró grá mo chroí,
`Gus lean sí an Gruagach, b´aige a bhí `n óige,
Cuach mo lon dubh buí.

D´fhill mé `na bhaile go buartha cráite,
`S oró grá mo chroí,
Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe,
Cuach mo lon dubh buí.

D´fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe,
`S oró grá mo chroí,
Agus tháinig sí, `na bhaile, mo Mhallaí gan náire,
Cuach mo lon dubh buí.

A ghiolla adaí istigh caidí mar atá tú?
`S oró grá mo chroí,
Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid,
Cuach mo lon dubh buí.

Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait?
`S oró grá mo chroí,
Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár,
Cuach mon lon dubh buí.

Caidé inniu agus cuach amárach,
`S oró grá mo chroí,
`Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe,
Cuach mon on dubh buí.